Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
#EndGenderStereotypes
A female President decorating a high-ranking military woman   Surprising?  #EndGenderStereotypes
Rud nach mbeadh súil agat leis?

#EndGenderStereotypes

Is uachtaráin agus ginearáil iad mná, leis!

An tsíleáil ghloine a pholladh: Cuirimis dúshlán faoi steiréitíopaí inscne

Féach lastall de na figiúirí

69%
sin an céatadán d’Eorpaigh a mheasann gur mó seans gur bean seachas fear a dhéanfadh cinneadh bunaithe ar mhothúchán.
32%
sin céatadán na dteachtaí ban i bparlaimintí náisiúnta ar fud an Aontais Eorpaigh.
8%
sin céatadán na POFanna ban i gcuideachtaí móra liostaithe san Aontas Eorpach.

 

Bearta praiticiúla chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne

Ní féidir an ceann is fearr a fháil ar steiréitíopaí inscne ach trí bhearta nithiúla a dhéanamh agus rannpháirtíocht chomhionann na mban agus na bhfear a mhisniú i ngach gné den saol. Faigh amach faoi roinnt tionscadal a mhaoiníonn an tAontas chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne:

Co-Funded by the European Union logo

Is minic a chuireann steiréitíopaí agus tuairimí láidre srian le rannpháirtíocht na mban óg sa saol polaitiúil. Sa tionscadal Slóivéanach seo, féachfar le mná óga a chumhachtú agus deiseanna níos fearr a chruthú le gur féidir leo bheith rannpháirteach sa saol polaitiúil agus i saol an tsaoránaigh.

EWOB logo

D’fhéach WELP le mná i bpoist bainistíochta gnó a chumhachtú. Forbraíodh go leor uirlisí chun cumas ceannaireachta na mban a neartú agus iad a réiteach do róil feidhmeannais.

Co-Funded by the European Union logo

Is é sprioc an tionscadail seo athrú a dhéanamh i gcultúr ionad oibre na hEastóine chun cabhrú le mná dul isteach i róil cheannaireachta, sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon.

Gender and Media logo

Díreoidh Cónaidhm Idirnáisiúnta na nIriseoirí sa Bheilg, in éineacht le beirt chomhpháirtí Iodálacha, ar na bacainní ar ionadaíocht agus léiriú cóir agus na mban agus na bhfear sa saol polaitiúil. Trí dhul i mbun oibre le raon leathan gairmithe meáin, féachfar sa tionscadal seo le hathchóirithe a thionscnamh i meáin Eorpacha, chun cultúr, beartais agus próisis sa seomra nuachta a fheabhsú.

 

Gníomhaímis le chéile!

Ar mhaith leat dúshlán a chur faoi steiréitíopaí inscne agus comhionannas inscne níos fearr a chur chun cinn? Chun feasacht a mhúscailt ar an ábhar seo, comhroinn ábhair an fheachtais leis an haischlib #EndGenderStereotypes.

Tá sé de chumhacht ag an uile dhuine athrú a chur i bhfeidhm!

Foilseacháin Ghinearálta1 Márta 2023
Digital kit - Cinnteoireacht
  • Digital kit - Ръководни позиции
    български
    (23.73 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Toma de decisiones
    español
    (23.83 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Rozhodování
    čeština
    (24.07 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Beslutningstagning
    dansk
    (23.83 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Entscheidungsfindung
    Deutsch
    (23.06 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Otsuste tegemine
    eesti
    (23.71 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Λήψη αποφάσεων
    ελληνικά
    (23.71 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Decision-making
    English
    (43.09 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Prise de décision
    français
    (23.81 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Donošenje odluka
    hrvatski
    (23.91 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Processo decisionale
    italiano
    (23.4 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Lēmumu pieņemšana
    latviešu
    (23.88 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Sprendimų priėmimas
    lietuvių
    (23.95 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Döntéshozatal
    magyar
    (22.64 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Teħid ta’ deċiżjonijiet
    Malti
    (23.95 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Besluitvorming
    Nederlands
    (23.8 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Podejmowanie decyzji
    polski
    (24.29 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Tomada de decisões
    português
    (52.47 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Luarea deciziilor
    română
    (49.91 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Rozhodovanie
    slovenčina
    (52.32 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Sprejemanje odločitev
    slovenščina
    (23.95 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Päätöksenteko
    suomi
    (23.81 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Beslutsfattande
    svenska
    (52.46 MB - ZIP)
    Íoslódáil

 

Tuilleadh eolais uait?

Cliceáil ar na topaicí thíos le fáil amach cá háit agus conas a bhfuil steiréitíopaí inscne tar éis an saol thart orainn a mhúnlú agus conas is féidir linn dul ar aghaidh le chéile.