Is comhraiceoirí dóiteáin iad cailíní, chomh maith!
Cad a ritheann leat nuair a fheiceann tú comhraiceoir dóiteáin mná? An mbíonn coinne agat leis?
Fear a shamhlaítear dár bhformhór nuair a smaoinímid ar chomhraiceoir dóiteáin. Ach tá sé tábhachtach go dtuigfeadh cailíní óga gur féidir leosan, leis, dul le gairmeacha a shamhlaítear le fir de ghnáth. Cosúil leis an gcéad bhean sa tSeicia atá i mbun oibre san fhoireann oibríochtúil éigeandála ó bhí 2022 ann. Ar an tslí chéanna, is féidir le buachaillí óga dul le jabanna a shamhlaítear le mná go hiondúil.
Ba chóir gurb iad cumas agus fíorspéis sa phost na nithe is tábhachtaí, beag beann ar inscne.
An múnla a bhriseadh: Cuirimis dúshlán faoi steiréitíopaí inscne
Fiú agus gan iad ach sa naíonra, tosaíonn leanaí ag smaoineamh ar an bpost a bheidh acu nuair a bheidh siad fásta. Agus bíonn neart steiréitíopaí inscne thart orthu, fiú ag an uair sin. Cabhraíonn na bréagáin agus na gníomhaíochtaí a chuirtear ar fáil dóibh scileanna a shealbhú a bheidh tábhachtach don obair agus don saol i gcoitinne. Is féidir leis na róil atá ag daoine fásta tionchar a imirt ar leanaí.
Tá sé cruthaithe ag staidéir go dtosaíonn leanaí ag samhlú jabanna áirithe le hinscne ar leith agus iad fós an-óg. Níos faide amach sa saol, is dóichí ná a mhalairt go dtreorófar cailíní agus go roghnóidh siad cúrsaí staidéir nó oiliúna san oideachas, i gcúrsaí sláinte, leasa agus sna daonnachtaí; os a choinne sin is dual do bhuachaillí dul le cúrsaí staidéir nó oiliúna a bhaineann leis an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic (STEM). Bíonn tionchar ag go leor tosca ar na cinntí sin, ach ní miste tionchar na steiréitíopaí inscne a phlé.
Feictear an neamhionannas inscne céanna atá san oideachas á mhacasamhlú sa mhargadh saothair. Bíonn tionchar aige sin ar ioncam agus ar ghairmeacha. Tá tuarastail sa tionscal cúraim, mar shampla, i bhfad níos ísle ná sna tionscail fuinnimh nó innealtóireachta, arb iad fir a bhformhór.

Tá sé tábhachtach dúshlán a chur faoi steiréitíopaí agus muid an-óg chun iad a bhriseadh. Ba cheart dúinn smaoineamh freisin ar an gceangal idir steiréitíopaí agus cineálacha eile réamhchlaonta, trína ndéantar idirdhealú a dhaingniú.
Tá bearta éagsúla á ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun comhionannas inscne a chur chun cinn i gcúrsaí oideachais agus sa mhargadh saothair. Tá roinnt beart ann chun tuilleadh ban a mhealladh isteach i réimsí ina bhfuil tearcionadaíocht acu, leithéidí cúrsaí comhshaoil, fuinnimh agus an tionscal digiteach. Tá bearta eile ceaptha chun an bhearna pá inscne a dhúnadh. Is féidir leatsa, freisin, bearta beaga a dhéanamh chun dúshlán a chur faoi steiréitíopaí inscne. An chéad chéim ná eolas a chur orthu agus ar an tionchar a bhíonn acu, mar shampla, ar ár roghanna gairme agus oideachais.

Féach lastall de na figiúirí
Bearta praiticiúla chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne
Ní féidir steiréitíopaí inscne a chloí ach amháin trí bhearta nithiúla a dhéanamh agus roghanna gairme saor ó steiréitíopaí inscne a mhisniú. Faigh amach faoi roinnt tionscadal a mhaoiníonn an tAontas chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne:
Gníomhaímis le chéile!
Ar mhaith leat dúshlán a chur faoi steiréitíopaí inscne agus comhionannas inscne níos fearr a chur chun cinn? Chun feasacht a mhúscailt ar an ábhar seo, comhroinn ábhair an fheachtais leis an haischlib #EndGenderStereotypes.
Tá sé de chumhacht ag an uile dhuine athrú a chur i bhfeidhm!

- Digital kit - Възможности за избор на кариера
- Digital kit - Elección profesional
- Digital kit - Výběr povolání
- Digital kit - Karrierevalg
- Digital kit - Karriereentscheidungen
- Digital kit - Karjäärivalikud
- Digital kit - Επιλογές σταδιοδρομίας
- Digital kit - Career Choices
- Digital kit - Choix de carrière
- Digital kit - Izbor karijere
- Digital kit - Scelte professionali
- Digital kit - Profesijas izvēle
- Digital kit - Karjeros pasirinkimai
- Digital kit - Pályaválasztás
- Digital kit - Għażliet tal-karriera
- Digital kit - Loopbaankeuzes
- Digital kit - Wybór kariery
- Digital kit - Escolha de carreiras
- Digital kit - Alegeri de carieră
- Digital kit - Kariérne možnosti
- Digital kit - Izbira kariere
- Digital kit - Uravalinnat
- Digital kit - Karriärval