Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
#EndGenderStereotypes
A father dressed to go to work combs the hair of his daughter before shcool.
Neamhghnách?

#EndGenderStereotypes

Tugann an Daid aire do leanaí, leis!

Cothromaíocht a bhaint amach: Cuirimis dúshlán faoi steiréitíopaí inscne

Féach lastall de na figiúirí

44%
sin líon na nEorpach a mheasann gurb é an cúram is mó ar mhná aire a thabhairt don teach agus don teaghlach.
82%
sin céatadán na ndaoine a oibríonn go páirtaimseartha ar chúiseanna cúraim ar mná iad.
21%
sin líon na bhfear a chaith níos mó ná 5 uair an chloig sa lá ag tabhairt aire dá bpáistí, i gcomparáid le 40% i gcás na mban.

Foinsí:
Eorabharaiméadar Speisialta 465: Comhionannas Inscne 2017
Réiteach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh - staitisticí EUROSTAT
Suirbhé EIGE ar Bhearnaí Inscne i gCúram Neamhíoctha, Gníomhaíochtaí Aonair agus Gníomhaíochtaí Sóisialta, 2022, a dhéanfar go luath.


Bearta praiticiúla chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne

Ní féidir an ceann is fearr a fháil ar steiréitíopaí inscne ach trí bhearta nithiúla a dhéanamh agus rannpháirtíocht chomhionann na mban agus na bhfear a mhisniú i ngach gné den saol. Faigh amach faoi roinnt tionscadal a mhaoiníonn an tAontas chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne:

Co-Funded by the European Union logo

Is féidir leis na roghanna mar gheall ar chúram leanaí, cúram do sheanóirí, agus obair sholúbtha a bheith teoranta. Chuir Cothromaíocht do Chách (B4A) dúshlán faoi steiréitíopaí inscne sa tsochaí Laitviach agus cuireadh ábhair mhodheolaíochta ar fáil d’fhostóirí mar aon le moltaí do cheardchumainn ar conas cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn i gcomhaontuithe comhchoiteanna.

The Peace Institute logo

Is é sprioc fhoriomlán an tionscadail cuidiú le múscailt feasachta i measc tuismitheoirí, fostóirí agus an pobal i gcoitinne sa tSlóivéin faoina thábhachtaí atá sé páirt ghníomhach a thabhairt d’fhir san atharthacht trí dháileadh níos cothromaí ar an gcúram tuismitheora a spreagadh ó uair na breithe.

Dione logo

Dhírigh DIONE ar cheist dífhostú na mban le linn agus tar éis toirchis agus caitheamh neamhfhabhrach leo le linn saoire tuismitheora. Trí ardán eolais ar líne a fhorbairt, thacaigh an tionscadal le híospartaigh ban ar caitheadh go hidirdhealaitheach leo agus chabhraigh sé le húdaráis phoiblí agus le gníomhaithe sa mhargadh saothair idirdhealú den sórt sin a chosc.

Parents Work logo

Tá sé chomh tábhachtach céanna fostóirí a chur ar an eolas faoina n-oibleagáidí maidir le cothromaíocht oibre is saoil agus atá sé fostaithe a chur ar an eolas faoina gcearta. Sin díreach is aidhm don tionscadal seo, trí threoirlínte dea-chleachtais a chur chun cinn agus cigirí saothair a oiliúint maidir le cosaint dhlíthiúil do thuismitheoirí san ionad oibre.

Work-life balance logo

Chuir SHARE ionaid oibre agus gníomhaíochtaí a bhí báúil leis an teaghlach chun cinn trínar féidir le fostóirí agus fostaithe cothromaíocht a bhaint amach idir an saol oibre agus an saol príobháideach. Chruthaigh sé modheolaíocht trínar cruthaíodh lipéad cothromaíochta inscne do chuideachtaí. D’aithin sé dea-chleachtais, leis, agus mhúscail sé feasacht i measc na gcuideachtaí rannpháirteacha ar cheisteanna comhionannais inscne san earnáil chorparáideach.


Gníomhaímis le chéile!

Ar mhaith leat dúshlán a chur faoi steiréitíopaí inscne agus comhionannas inscne níos fearr a chur chun cinn? Chun feasacht a mhúscailt ar an ábhar seo, comhroinn ábhair an fheachtais leis an haischlib #EndGenderStereotypes.

Tá sé de chumhacht ag an uile dhuine athrú a chur i bhfeidhm!

Foilseacháin Ghinearálta1 Márta 2023
Digital kit - Cothromaíocht oibre is saoil
  • Digital kit - Баланс между работата и личния живот
    български
    (42.93 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Equilibrio entre la vida laboral y la vida privada
    español
    (55.12 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Rovnováha mezi pracovním a osobním životem
    čeština
    (53.91 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Balance mellem arbejdsliv og privatliv
    dansk
    (54.58 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Work-Life-Balance
    Deutsch
    (53.32 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Töö ja eraelu tasakaal
    eesti
    (57.52 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Εναρμόνιση επαγγελματικής, οικογενειακής και προσωπικής ζωής
    ελληνικά
    (52.78 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Work-life Balance
    English
    (62.66 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Équilibre entre vie personnelle et vie professionnelle
    français
    (55.15 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Ravnoteža poslovnog i privatnog života
    hrvatski
    (54.23 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Equilibrio tra vita privata e professionale
    italiano
    (54.9 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Darba un privātās dzīves līdzsvars
    latviešu
    (ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Profesinio ir asmeninio gyvenimo pusiausvyra
    lietuvių
    (51.52 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - A munka és a magánélet közötti egyensúly
    magyar
    (53.92 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Bilanċ bejn ix-xogħol u l-ħajja privata
    Malti
    (55.37 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Werk-privébalans
    Nederlands
    (54.84 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Równowaga między życiem zawodowym a prywatnym
    polski
    (56.59 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Equilíbrio trabalho-vida
    português
    (67.58 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Echilibrul dintre viața profesională și cea personală
    română
    (69 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Rovnováha medzi pracovným a súkromným životom
    slovenčina
    (69.89 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Usklajevanje poklicnega in zasebnega življenja
    slovenščina
    (54.96 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Työn ja yksityiselämän tasapaino
    suomi
    (55.65 MB - ZIP)
    Íoslódáil
  • Digital kit - Balans mellan arbete och privatliv
    svenska
    (69.74 MB - ZIP)
    Íoslódáil

 

Tuilleadh eolais uait?

Cliceáil ar na topaicí thíos le fáil amach cá háit agus conas a bhfuil steiréitíopaí inscne tar éis an saol thart orainn a mhúnlú agus conas is féidir linn dul ar aghaidh le chéile.