Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
#EndGenderStereotypes
 

Athsmaoineamh a dhéanamh ar ár bpeirspictíochtaí: Pléimis steiréitíopaí inscne

ga-life

Is é aidhm an fheachtais seo feasacht a chothú ar thionchar steiréitíopaí inscne ar an tsochaí.

Nuair a smaoiníonn tú ar bhréagán, post, spórt nó fiú dath áirithe, cad í an inscne a shamhlaíonn tú leis? Bíonn steiréitíopaí inscne fréamhaithe go domhain sa chultúr agus is bunchúis iad le neamhionannas inscne. Is minic nach dtugaimid é sin faoi deara ar chor ar bith, ach téann siad i gcion orainn, idir mhná agus fhir. Féadann steiréitíopaí inscne teorainn a chur lenár gcumas agus lenár n-uaillmhianacha maidir le réimse staidéir nó oiliúna, nó gairm bheatha a roghnú, nó fiú caitheamh aimsire a roghnú. Is féidir le tionchar steiréitíopaí inscne a bhí níos láidre fós i gcás daoine áirithe: mar shampla, má tá duine faoi mhíchumas nó mar bhall de mhionlach eitneach, is féidir go mbeidh orthu dul i ngleic le steiréitíopaí de chineálacha éagsúla. Tá aitheantas ar leith ag gach duine dínn, agus is féidir leithcheal a bheith i gceist ag pointí trasnaíochta. Cuireann steiréitíopaí inscne teorainn le saoirse gach duine dínn. Sin an fáth a gcaithfear iad a cheistiú.

Is mithid dúinn #EndGenderStereotypes!

Roghanna gairme

ga-CareerChoices

Cad a ritheann leat nuair a fheiceann tú comhraiceoir dóiteáin mná? An mbíonn coinne agat leis?

Sealbhaímid steiréitíopaí inscne ón uair a mbímid an-óg. Bíonn tionchar ag ionchais steiréitipiciúla do mhná, d’fhir, do chailíní agus do bhuachaillí ar na scileanna a fhoghlaimímid mar leanaí, ar na hábhair a roghnaímid ar scoil agus na gairmeacha beatha a roghnaímid ina dhiaidh sin, agus féadfaidh siad srian a chur le huaillmhianta, le roghanna agus le saoirse. Mar sin, is gá féachaint ar cad is saor-rogha ann, agus cad a roghnaítear de bharr ár gcuid steiréitíopaí.

Léigh tuilleadh

Cothromaíocht oibre is saoil

ga-work

Cad a ritheann leat nuair a fheiceann tú athair ag cóiriú ghruaig a iníne? An bhfeiceann tú aon rud as an ngnáth?

Ní saor-roghanna amháin a chinneann róil agus freagrachtaí ban agus fear ina dteaghlaigh agus a gcuid post ach steiréitíopaí inscne chomh maith. Chun cothromaíocht inscne a bhaint amach san ionad oibre, sa bhaile agus sa tsochaí, is gá ár dtuiscint ar na hábhair seo a leathnú, trí dhúshlán a chur faoi noirm agus tuairimí láidre.

Léigh tuilleadh

Cinnteoireacht

ga-DecisionMaking

Cad a ritheann leat nuair a fheiceann tú uachtarán mná ag bronnadh suaitheantais ar ardoifigeach airm mná? An gcuireann aon rud iontas ort anseo?

Tá tearcionadaíocht ag mná i bpoist chinnteoireachta i ngach réimse, agus is steiréitíopaí inscne is cúis leis, go páirteach. Ach ní féidir linn gach gealladh atá fúinn i gcúrsaí gnó, polaitíochta agus sa tsochaí tríd síos ach amháin má úsáidimid gach bua agus éagsúlacht atá againn. Mura n-úsáidtear ach buanna agus éagsúlacht leath an daonra, ní fhaightear ach leath na smaointe agus an fuinnimh dá bhfuil ann. Ní mór dúinn dul i ngleic le steiréitíopaí inscne a chuireann bac ar mhná ó phoist cheannaireachta a bhaint amach.

Léigh tuilleadh

Féach lastall de na figiúirí

44% sin líon na nEorpach a mheasann gurb é an cúram is mó ar mhná aire a thabhairt don teach agus don teaghlach.
36% sin an difríocht idir meánioncam na mban ar an iomlán, agus meánioncam na bhfear.
8% sin céatadán na POFanna ban i gcuideachtaí móra liostaithe san Aontas Eorpach.

 

Gníomhaímis le chéile!

Ar mhaith leat dúshlán a chur faoi steiréitíopaí inscne agus comhionannas inscne níos fearr a chur chun cinn? Chun feasacht a mhúscailt ar an ábhar seo, comhroinn ábhair an fheachtais leis an haischlib #EndGenderStereotypes.

Tá sé de chumhacht ag an uile dhuine athrú a chur i bhfeidhm!

 

Tuilleadh eolais uait?

Cliceáil ar na topaicí thíos le fáil amach cá háit agus conas a bhfuil steiréitíopaí inscne tar éis an saol thart orainn a mhúnlú agus conas is féidir linn dul ar aghaidh le chéile.